Notifications
You must be signed in to change notification settings - Fork 0

Copy pathusaid.html
88 lines (84 loc) · 4.59 KB

usaid.html
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42
43
44
45
46
47
48
49
50
51
52
53
54
55
56
57
58
59
60
61
62
63
64
65
66
67
68
69
70
71
72
73
74
75
76
77
78
79
80
81
82
83
84
85
86
87
88

Íoslódáil

Má úsáideann tú pacáiste TeX ar nós
TeX Live,
is dócha go bhfuil na rialacha fleiscínithe don Ghaeilge agat cheana féin,
agus ní gá duit aon rud a íoslódáil ná a shuiteáil ón suíomh seo.
Ar an gcóras Linux atá agamsa (bunaithe ar Debian), ba leor an
pacáiste texlive-base a shuiteáil.

Má tá tú ag iarraidh na rialacha féin a íoslódáil ar chúis éigin,
tá an comhad hyph-ga.tex ar fáil ó
CTAN, nó is féidir leat an leagan
is déanaí a fháil ónár suíomh
GitHub.

Úsáideann leaganacha níos sine de TeX agus ríomhchláir eile ar nós GNU Troff comhad ASCII-amháin ina bhfuil na rialacha darb ainm gahyph.tex.
Tá an comhad seo ar fáil ó
CTAN freisin, nó ón suíomh
GitHub.

Is féidir na rialacha a úsáid in OpenOffice.org trí
bhreiseán a shuiteáil.

Tá an breiseán céanna ar fáil le haghaidh LibreOffice
anseo.

Tá an comhad hyph_ga_IE.zip (le haghaidh Scribus, nó
LibreOffice/OpenOffice.org mura bhfuil tú ag iarraidh na breiseáin thuas a shuiteáil) ar fáil ó fhreastalaí de chuid OpenOffice.org nó ón suíomh GitHub.

Tá an comhad ga.xml le haghaidh Apache FOP nó Folio ar fáil ar GitHub freisin.

Is cuid den chód foinseach sa bpacáiste
Hyphenator.js na rialacha anois. Tá tuilleadh eolais ar fáil sa doiciméadú.

Úsáid LaTeX

Chun cáipéis i nGaeilge a chur i gcló in LaTeX, ní gá duit ach na línte
seo a chur sa mbrollach:

\usepackage[irish]{babel}
\usepackage[utf8]{inputenc}
\usepackage[T1]{fontenc}

ansin an cháipéis a thiomsú le LaTeX mar is gnáth.
Socraíonn seo Gaeilge mar phríomhtheanga na cáipéis.
Más gá duit sliocht i mBéarla a chur san áireamh,
athraigh an líne “babel” go:

\usepackage[english,irish]{babel}

agus bain úsáid as \selectlanguage mar a leanas:

\begin{document}
Tá sé thar a bheith éasca fleiscíní
a chur san áireamh anois.
\selectlanguage{english}
We don't talk no foreign talk
round these here parts.
\selectlanguage{irish}
Bainfidh mé úsáid as an acmhainn iontach seo.
\end{document}

Nótaí Tábhachtacha

Cuireann TeX briseadh roghnach i bhfocal tar éis aon fhleiscín
atá ann, sa chaoi go mbristear focail ar nós
Breac-Ghaeltacht nó Ard-Aighne
ag an bhfleiscín.

Faraor, níl an riail seo feiliúnach i gcás réimíreanna, mar
shampla t-idirnáisiúnachas nó n-uibheacha.
Ní mór duit fleiscíní roghnacha de do chuid féin a chur isteach
más gá focal den sórt seo a bhriseadh:
t-idir\-náisiún\-achas.

Ar an lámh eile, uaireanta is gá cosc a chur ar bhriseadh
tar éis “t-” nó “n-”; chun é seo a dhéanamh, caithfidh tú an focal
a chur isteach i gclib \mbox.

Tá an scéal mar an gcéanna i gcás focal ina bhfuil uaschamóg.

Toisc go gceadaítear
amh-ras mar fhleiscíniú, creideann TeX gur
féidir an focal drochamhras a bhriseadh san áit chéanna
(drochamh-ras), cé go mbeadh an briseadh
droch-amhras i bhfad níos fearr.
Faraor, ní féidir “meáchain” a cheangal le pointí fleiscínithe
éagsúla in TeX, agus dá bharr sin caithfidh tú a bheith san airdeall
ar dhrochshamplaí den sórt seo.

Gheobhaidh tú liosta de na fabhtanna ar m'eolas ag deireadh an leathanaigh Mionsonraí
page.